School: Cloigeann
- Location:
- Cleggan, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Fathaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cloigeann
- XML Page 305
- XML “Seanscoileanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do briseadh cos Crusheen agus do tógadh go hOisbuidéal é. Do chuireadh cuid de na Caitilicigh cun an priosúin mar gheall ar sin. Do rinne na phóiliní teach as adhmad taobh leis an áit atá Oifig an puist i gCladach Dubh anois agus do chuireadh póiliní cun aire a tabhairt dá chlann agus do na Protastúnaigh. Tá na clocha a bhí ins an scoil ins an séipeal atá sa gCladach dubh. Do bhí dear darbh ainm Ó Ceallaigh agus fear eile darbh ainm Manning ag múineadh i mbaile Srutháin. Fear darbh ainm Ó Conaire a bhí ag múinead i mBaile Cun Ríogh. Do bhí Tomás Ó Garabháin ag múineadh scoile i dteach i n-Imloch, scoil scairte a bhí (ainm) ann, duine ó'n áit a bhí ann. Tar éis cúpla bliana nuair a bhí an teach sin ró-dhona cun scoile a bheith ann cuaidh sé síos go teach i Ros a Dilisg a bhí níos mó agus níos fearr agus bhí sé annsin ar feadh cúpla bliana eile. Do bhí scoil eile i gCluain. Cheap daoine go raibh mianach ann agus rinneadar teach le na húirlisí a coimeadh ann agus nuair nach raibh siad ag obair ann táinig fear darbh ainm Cunningham agus bhí sé ag múineadh scoile ann ar feadh bliana. An ceann a bhí i nEacros bhí Pádraig Ó Gordúin ó'n áit agus Miss Dingwall stróinséar ag múineadh ann. Scoileanna Catoilicheacha a bhí an ghá ceann sin.
Do múineadh Béarla, Aireamh, Stair ach go mór mhór tír-eolas agus gramadach. Ní bhíodh Gaedhilg(continues on next page)- Collector
- Íde Ní Thuathail
- Gender
- Female
- Address
- Moorneen, Co. Galway
- Informant
- Brighid Bean Uí Clochartaigh
- Gender
- Female
- Address
- Moorneen, Co. Galway