School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Conchubhair agus an dá chaora agus an Uasgán
Bhí bean ann fada ó & bhí mac aici. Cailleadh a fear nuair a bhí an páiste an-óg agus d'fhága sin an-bhocht iad. Ní raibh de mhaoin shaoghalta aca acht dhá chaora & uasgán.
Lá amháin rinne Conchubhair cis. Chuir sé a mháthair agus gach nidh eile a bhí sa teach isteach innti & chuaidh sé go dtí an Rí. D'fhiafruigh an Rí de cé raibh sé ag dul. Dubhairt Conchubhar gur ag cuartú aimsir. "Tá go maith" arsa an Rí. "Tiubhra mise aimsear duit". "Seadh" arsa Conchubhar, "agus áit do mo mháthair & do mo chúpla caorach". "Bíodh mar sin" arsa an Rí.
Ar maidin lá'r na bhárach tugadh a bhreicfeásta do Chonchubhar & chuir sé a chuid chaorach in-éinfeacht le caoirigh an Ríogh. "Téirigh go dtí an choill" arsa an Rí "agus tabhair abhaile annseo trí cinn de chuilm". Bhí sean dall glic 'na chomhnaidhe idir an choill agus teach an Riogh. Chuaidh Conchubhar go dtí é seo & dúbhairt sé leis bior caol iarainn a dhéanamh dhó. Rinne an dall amhlaidh & agus an chéad uair ar bhuail Conchubhar buille ar a ghlún de, rinne sé trí leith dhe. "Déan ceann eile dhom" arsa Conchubhar "nach mbrisfidh mé". Rinne an dall amhlaidh. Chomh luath & fuar sé greim rinne sé trí leith dhe. "Déan ceann eile dhom a shean-dall ghlic" arsa seisean. Nuair a shíl Conchubhar an tríomhadh bhior a bhriseadh ní dhearna sé ach é a lúbadh.
D'imthigh leis annsin go dtí an choill. Nuair a tháinig sé isteach sa gcoill ní raibh áird ag na cuilm ar thada ach air féin. Bhuail sé an chéad cheann ar an gcluais & chuir sé treasna(continues on next page)- Informant
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Other names
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway