School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
![The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 136](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0069%2FCBES_0069_136.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 136
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 136
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Na daoine a bhí ann fadó bhí siad follán go maith acht má bhí féin bhí galar go leór ortha.”
(continued from previous page)siad an teanga sionnaigh leis. Níl mórán dena leigheasanna sin le fághail anois mar atá dochtúirí ann agus buidéil, acht má tá féin tá na sean-daoine a' ceapadh gur insna luibheanna atá an leigheas.
Cléithín:- Tá daoine áithride ann atá in ann seo a leigheas. Tarrnuigheann siad amach na h-easnachai lena lámhaibh. Amanntai is le buidéal a ndeineann siad é.
Dóigheadh:- Nuair a dóightear duine cuimlightear gallaoireach do'n áit a mbíonn dóighte. Má bhíonn dóigheadh mór ann cuirtear fios ar bhuidéal dóigheadh. Tá bean san áit atá in ann an buidéal seo a dhéanamh suas.
Faithneochai:- Dá mbéadh seo ar dhuine d'imtheochadh sé leis go dtagadh sé go dtí cloch a mbeadh uisce uirrí. Chuirfeadh sé ar an bhfaithne é is leigheasfadh sé é.
Sgoirbh:- Séard a dhéanfadh fear a mbeadh a leithéid air dul go dtí an cladach. Gheobhfadh sé billeóga beaga ann. Ghearrfadh sé iad agus chuirfeadh sé ag bruith iad. Annsin chuimleochadh sé do'n sgoirbh iad.
Dathachai fiacal: Líonann cuid den a(continues on next page)- Informant
- Nóirín Bean Uí Máille
- Gender
- Female
- Age
- 67
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway