School: An Gort Mór (roll number 10582)
- Location:
- An Gort Mór, Co. Galway
- Teacher: Criostóir Mac Aonghusa
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gort Mór
- XML Page 262
- XML “Rí na hÉireann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Rí na h-Éireann.Bhí Rí in Éirinn tráth agus bhí mac aige. Ba mhaith leis an mac a chuir ar sgoil agus chuaidh sé go dtí an domhan thoir. An lá céadna bhí Rí an domhain thoir le na mhac fhéin a chuir ar sgoil. Chuaidh an dá Rí agus an dá mhac ag an sgoil an lá céadna. Bhí cailín beag ag an máighistir le múnadh. Baisteadh an triúr. Tugadh Máire ar an gcailín, Lon-Dubh ar mhac Rí an domhain thoir, agus Céadhtach ar mhac Ríogh n h-Éireann. Chuaidh an dá Rí abhaile agus chuaidh triúr ag fóghluimh. Faoi cheann seacht mbliadhna tháinic an dá Rí ag breathnú ar a gcuid fir óga. "An bhfuil siad sáthach fóghluimta anois le tabhairt abhaile" adeir na Ríoghte. "Níl siad" adeir an máighistir. "Fág seacht mbliadhna eile iad agus béidh siad cheithre bliadhna déag" adeir an máighistir. Faoi cheann cheithre bliadhna déag tháinic an dá Rí an dara huair. "An bhfuil siad ceart anois" adeir an dá Rí". Níl go ceann seacht mbliadhna eile agus béidh siad bliadhain is fiche" adubhairt an máighistir.(continues on next page)
- Collector
- Bríghid Ní Neachtain
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Glinn Chatha, Co. Galway