School: An Tráigh Bhán (roll number 14724)
- Location:
- An Trá Bháin, Co. Galway
- Teacher: Meleachlán Mac Gairbhín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tráigh Bhán
- XML Page 363
- XML “Filí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá go leór filí san Tráigh Bháin. Seo é an tainm atá ar duine aca, Seán Ó Ceallaigh. Rinne sé amhrán faoí a bhean. Fuair sé an féith sin ó na muinntir roimhe. Tá sé cheithre sgór go leith bliadhanta daois anois. Is fadó ó rinne sé an tamhrán agus tá sé imthighthe as a gcuimhne anois. Tá file eile san mbhaile agus sé an tainm atá air Máirtín Ó Cúlain. Rinne sé sin amhrán bréagh agus cuimhnigheann gach duine air. Seo cuid de'n amhrán a rinne sé.1.
Bhaintreach agus maighdean a rinne Dia dhíom is mé go hóg.
Nó ar cuimhneach libh a dhaoine muinntreach an lá ar báthadh mo mhíle stór.
Dhá mbeinn se ins san mbád an lá ud is mó dá láimhín a bheith ar an sgód.
Dar mfhocal duit a William Reilly is deas mar leigheasfhainn do galar brón.
2.
Is an cuimhneach leat an lá ud a raibh an tsráid seo lán de margaidh . (le sagairt)
Le sagairt is le bráithre is iad ag trácht ar mo bhainfhéise.
Bhí an fiddle ar an gclár ann agus bhí an chlárdeac dhá bfreagairt.(continues on next page)- Collector
- Labhrás Ó Cualáin
- Gender
- Male
- Age
- 14