School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmealláin
- XML Page 395
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tighthe breághtha aige agus ní raibh sé de chead ag aon duine dul in aice leó. Lá amháin bhí sé ag imtheacht ar chapall nó go dtáinig sé chómh fada le bruach locha. Chonnaic sé bean agus páiste aice, agus dubhairt sí leis deoch uisge a fhághail dhí mar bhí sí spalptha leis an tart. Labhair sé go feargach agus dhiúltuigh sé í. D'imthigh sé leis ar an gcapall agus chuala sé guth ag rádh. "Imtheóchaidh tú thríd an saoghal mór ar an gcapall sin agus ní féidir leat dul inaice le do chuid tighthe níos mó". D'airigh sé ualach trom ar a bhrollach agus bhreathnuigh sé síos. Chonnaic sé báisín ceangailte air agus labhair an guth aríst leis agus dubhairt "Go mbéadh an bháisín sin líonta agat le uisge ní stopfaidh tú go deo acht ag imtheacht thríd an saoghal". Chuaidh sé ar a bpointe chuig locán uisge chun an bháisín a líonadh acht ní líonfadh sí dhó. Nuair a chonnaic sé é sin(continues on next page)
- Collector
- Gráinne Ní Ghógáin
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Informant
- Máire Bean Uí Mhaol-Dia
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway