Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 419
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuir sí é chuig an aonach ag díol bó agus dubhairt sí leis an phinghinn is aoirde sa margadh a fhághailt uirrí. Ní raibh sé i bhfad ar an aonach nuair a tháinig ceannuightheóir thart agus d'fhiafruigh sé dhe cé an méid a bhí sé ag iarraidh ar an mbuin agus dubhairt an fear seo leis. "An phinghinn is aoirde sa margadh," agus fuair sé pinghinn agus chuir sé ar bhárr a mhaide í agus dubhairt sé "Sin í an phinghin is aoirde sa margadh" agus thóg an dioltóir an phinginn agus chuaidh sé abhaile. Ar a bhealach abhaile casadh fear dhó agus é ag díol síolta beaga le cur agus cheannuigh an fear seo luach pinghne acha. Chuaidh sé abhaile agus chaith sé na síolta taobh amuigh don doras. Nuair a chuaidh sé isteach d'fhiafruigh a mháthair dhe. "Cá raibh an tairgead a fuair sé ar an mbuin." agus dubhairt sé gur cheannuigh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Maighréad Nic Donnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laighidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 96
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. Galway