School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
![The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 553](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0071%2FCBES_0071_553.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 553
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmealláin
- XML Page 553
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lá chómh garbh sin agus go 'mb'éigin dóib na seólta a leagan. Bhí sí ag teacht le cóir agus ba ghearr go raibh sí ingair don chladach. Annsin bhí sí ag dul ó smacht ar an gcaiptín agus ní raibh fhios aige ceárd a dhéanfadh sé. Dubhairt sé leis na máirnéalaigh na báid bheaga a chur amach ar an bhfairrge agus dá dtagadh an long inaice an chladaigh na mná a thabhairt sábháilte ar dtús. Ba ghearr go raibh an bád inaice an chladaigh agus bhí sí ghá briseadh.
Bhíodar ag iarraidh na mná agus na páistí a thabhairt i dtír. Bhí trí nó ceathair de lochta daoine tugtha amach ar an talamh aca agus iad ag dul isteach go dtí an luing nuair a bhí sí ag dul síos. Ní raibh le déanamh ag an gcaiptín acht é fhéin a chaitheadh i bhfairrge. Annsin(continues on next page)- Collector
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Ó Conghaile
- Gender
- Male
- Age
- 63
- Occupation
- Bádóir
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway