School: Tír an Fhiaidh

Location:
Tír an Fhia, Co. Galway
Teacher:
An tSr Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 003

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 003

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír an Fhiaidh
  2. XML Page 003
  3. XML “Scéal faoi Thriúr Clainne na Barrscolóige agus faoi Harry Statel”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    oibre í sin ort a amadáin" adeir an máighistir. "Tá" a dubhairt sé, "nuair cailleadh m'athair d'fhág sé cham agus dhíreach de'n crann ag duine againn, agus a bhun agus a bhárr ag an duine eile, agus úr agus a chríonnacht ag an duine eile". "Nach bfuil fhios agat an fear a d'fhág sé a úr agus a chríonnacht gur bé sin an fear gur leis an crann." Chuaidh sé go dtí an fear a bhí ag geárradh na coille annsin agus bhíodh an tuagh tarraingthe, sé sin an tuagh ar an gcrann agus ní bhuailfeadh sé buille ar bith. "Cé'n fáth nach bhfuil tú ag geárradh na coille" arsa an máighistir. Adeir sé "níl fíos agam cé is goirre dhom an spéar atá fúm ná an spéar atá ós mó chionn. "Nach bhfuil fhios agat go maith gur goirre dhuit an spéar a fheicfeas tú ná an spéar nach bhfeiceann tú." "Bhuil a déir sé geárrfaidh mise an choill mar sin". "Gabh isteach ag do bhéile" a dubhairt an máighistir annsin leis.
    Nuair chuaidh an triúr mach amhach ar an tsráid dubhradar fhéin le chéile. "Má fághaim Harry Statel amhach gur muid triúr cloínne na barrsgolóige bainfaidh sé na cloigne dhínn". Agus séard a rinne siad ná imtheacht agus nuair a fuair Harry Statel imthighthe iad chuir sé a mhac ar chapall dá dtóruigheacht. Bhí an oidhche ag teacht annsin agus b'éigin don mhac a dhul abaile. Nuair tháinic sé isteacht d'fhiafruigh Harry Statel dhe an bhfuair sé iad agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Ceallaigh
    Gender
    Male
    Address
    An Máimín, Co. Galway