School: Tír an Fhiaidh
- Location:
- Tír an Fhia, Co. Galway
- Teacher: An tSr Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír an Fhiaidh
- XML Page 041
- XML “Scéal faoi Mhac na Baintrí agus faoi Fhathach an Dá Cheann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'iarr siad air a theacht in éindigh leo. Dubhairt Jack nach racfadh. Thosuig siad ag sáith a gcuid sleágha in Jack. "Ná bíodh sibh ag sáith a gcuid bioráin ionnam-sa nó b'eidir go mbéadh fhíos agaibh é" arsa Jack. Nuair a chuireadar tuille feirge ar Jack thosuigh sé da gcaitheamh le chéile. Mharbhuigh sé an sluagh saighdiúrí ach duine amháin a leig sé ar ais le sgéala. Dubhairt gach duine annsin gurbh é Jack a shabháil an bhean. "Ní hé Jack is cionntach" adeir an rí "ach mise nár chuir a mháighistir fhéin da iarraidh." Chuaidh an máighistir faoi choinnig Jack agus sé an chaoi a raibh sé ag tigeacht ar a dhá ghluin "Céard atá ort" adeireadh Jack agus sé an fréagra a thugadh an máighistir air "is mé féin atá ann." Cuaid Jack éindigh leis agus ar an bhpuinnte is fuair sé an bhróig chuaidh sí ar a chois gan aon anró. Phós sé fhéin agus ingean an ríogh agus bhí an bhainfheis ar siubhal ar feadh seacht n-oidhche is seacht lá. Ní raibh siad i bhfad pósta gur thosuigh Jack ag cuimhniughadh ar a mháthair agus tháinig sé fhéin agus a bhean go hÉirinn. Mhair a mháthair go sona in éindigh leo as sin amhach.
- Informant
- Séamus Ó Chonghalaigh
- Age
- c. 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír an Fhia, Co. Galway