School: Tír an Fhiaidh
- Location:
- Tír an Fhia, Co. Galway
- Teacher: An tSr Máire
![The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 095](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0072%2FCBES_0072_095.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 095
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír an Fhiaidh
- XML Page 095
- XML “Leighiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá ola an dógadh go maith freisin.
Tá boxty fuar thar cionn.
Doighteachaí Fiacal:- Tá artha le haghaidh na ndoighteachaí fiacal agus aoinne atá in-ann í rádh ní thagann aon doigh fhiacal air. Seo í leanas an artha.
A Phéadair agus a phollrainn
Tháinig Críost ós a chionn
Céard sin ort a Phéadar
Ó Tighearna m'fhiacail atá tinn
Éirigh suas a Phéadair
Ní thusa ach gach neach.
Ní bheidh an artha ná an doigh fhiacal
I n'aon bheal amháin aríst go bráthach.
Cuireann siad sgilling leis an bhfiachail thinn nó píosa soinc ag iarraidh é leigheas.
Bíonn cuid eile ag cur tobac leis an bfiacail.
Cuireann go léor eile ola mhór leis.
Fuil tsróna nó fuil ar bith eile a bhéadh ag tigeacht nár bféidir stad a chur leis.
An té go mbíonn an fhuil ag tigeacht leis bíonn cuid aca ag cur eocair taobh thiar faoi chúl a chinn.
Bíonn daoine eile ag cur cloc glas leis.
Cuirtear téadracha dubhán ealla leis.
Bíonn siad ag caiteamh cuid de'n fhuil ar an teine ag iarraidh cosg a chur léithi.(continues on next page)