School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Teacher: N., Bean Uí Cholchúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-Sgéal.
Bhí sean bhainríoghan ann uair amháin. Bhí bean óg áluinn d'inghín aice agus bhí fear ar shlúagh na marbh lé fada an lá. Dfás an inghean súas agus rinneadh cleamhnas di lé mach ríogh i bfad ó bhaile. Ar deireadh núair abhí aimsir an phósta ag teannadh leo, agus an óig bhean ag brath ar imtheacht léi go dthí an choigcríoch, chuir an t-sean-bhean a lán rudaí lúachmhar i dtoll a chéile di, ór agus airgead, cuirn agus seoda agus gach rud eile a bhain le spré bainríoghna óige óir bhí grádh an mhór aice ar an inghín. Thug sí bean chóimhdeachta di freisin a choinneóchadh cómhlúadar léi ar an mbhealach go dtí pálás an prionnsa óig abhí luaidhte léi. Bhí gearrán an duine acha lé h-aghaidh an aistir. Falada an t-ainm abhí ar ghearrán na bainríoghna óige agus bhí cainnt aige. Núair abhí síad réidh chun an aistir chúaidh an t-sean báinríoghan isteach ina seomra codhalta, rug ar sgían bhig gur dhearg a méir léi agus gur leig trí braon fola isteach i naipcín beag bán. Thug sí an naipcín do'n inghín. "Cuir é sin i dtaisge(continues on next page)- Collector
- Bhéra Ní Mhuireadhaigh
- Gender
- Female