School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Ó Nualláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Breac de threibh an éisg shliogaigh iseadh an rúacán. Is ar thrághanna gaineamh is feárr leis an rúacán cothú. Ní bhíonn sé chómh doimhin ar chor ar bith ná chómh h-íochtarach sa trágh leis na sgeanna mara. Ar thrághanna gaineamh trí h-ordlaigh ar doimhin agus go deimhin is minic go bhfeictear leath nochtuighte go leór é, agus gan tada dhá chlúdú taréís taoille trághadh a bheith sgúabuighthe amach uaidh. Ar fhad is bhíos an taoille ar an trághadh eirigheann sé aníos as na puill le dul ag soláthar bíadh dhó féín, acht ní túisge an taoille glanta amach ná é thíos ins na puill arís. Réir mar deir seanachus na n-íasgairí is breac an onórach é an rúacán díol an ríogh de bhíadh air. Tá go leór cineálacha aca ann, acht sé' n an rúacán sgagach nó an chearc gheal an dá shaghas(continues on next page)
- Informant
- Colm Ó Flaithbheartaigh
- Gender
- Male