School: Cloch Bhreac (roll number 12106)
- Location:
- An Chloch Bhreac, Co. Galway
- Teacher: Pádraig de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is gearrr a bhí siad annsin na go dtáinig an dara fathach. D'iarrfhuigh an fathach dhó cé mb'fhearr leis troid ar leacrachaí dearg na chlaidheamh i mbarr asnachaí. Dubhairt an gásúr go mb'fhearr leis troid ar leacrachaí dearg. Annsin thosaigh an troid agus chuir an gásúr an dara fathach go dtí na ghlúiní san leac dhearg. Annsin dubhairt an fathach leis an gásúr leiginn dhó agus go dtiubharach sé gclaidheamh mór dhó. Tharraingh an gásúr an chlaideamh agus bhain sé an cloigeann don fathach. Dimthigh an gásúr leis abhaile agus ní raibh siad i ndan an méid báinne a bhí acu a choinnéal, mar gheall iad a bhéith ar thalamh na bhfathach i rithe an lae. An chéad lá eile chuaidh an gásúr ag cúdach na mbeithidhigh, agus is gearr go ndeachadh siad ar thalamh na bhfathaí. Is gearr a bhí siad annsin na go dtáinig an tríomhadh fathach. Thosaigh an troid idir an fathach agus an gásúr. Chuir an gásúr an fathach go dtí na glúiní san leach dearg. Diarr an fathach ar an ngásúr leiginn dhó agus go dtiubharach sé an méid a bhí istigh agus i amuigh dhó. Níor rinneadh(continues on next page)
- Collector
- Eibhlín Ní Mhuráin
- Gender
- Female
- Address
- An Chloch Bhreac, Co. Galway
- Informant
- Tómás Ó Muráin
- Gender
- Male
- Address
- An Chloch Bhreac, Co. Galway