School: Cloch Bhreac (roll number 12106)
- Location:
- An Chloch Bhreac, Co. Galway
- Teacher: Pádraig de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cloch Bhreac
- XML Page 753
- XML “Féilí na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá go leor féilí ann ar feadh na bliadhna. Seo iad na h-ainmneacha atá orrtha. Lá féile Stíophán, lá féile brighid, lá féile pádhraig, aoine ceasta, domhnach casga, diardaoin deasgbheala, domhnach Cincighise, lá féile peadar agus pól, lá féile martán, lá féile muire, lá samhna, agus oidhche nodhlaigh. Bíonn an fhéile againn domhnach casga. Taghann go leor daoine isteach i bpáirc, agus déanann siad teine mhór ann annsin imtigheann siad agus faghann siad uibheacha agus cáca agus báinne agus chuile shord a theasthuigheas uaithe, agus teigheann siad ag an bpáirc a bíonn an teine ann aríst, agus socruigheann siad chuile shord ceart agus bíonn an-fheasta acú ins an bpáirc. Nuair a bhíonn siad réid toghann siad chuile shord agus cuireann siad isteach i mala iad, agus togann siad leo abhaile iad. Sé domhnach casga an féile is déise sa mbliadhain. Bíonn an Fhéile againn oidhche oibhreann (?) seán. Déanann chuile dhuine teine an oidche sin. Déanann cuidh acú teine amuigh ar an mbóthar. Cuireann siad cnámha ins an teine an oidhche sin. Nuair a bhíonn an teine déanta faghann na daoine ceithre cloch deágh, agus teigheann siad thart ar an teine ceithre uair deágh. Chuile uair a teigeann siad thart, caitheann siad cloch isteach sa teine go mbéadh fhios acú cé mhéid uair a rachfaidh siad thart.(continues on next page)
- Collector
- Máire Seóighe
- Gender
- Female
- Address
- An Chloch Bhreac, Co. Galway
- Informant
- Pádraig Seóighe
- Gender
- Male
- Address
- An Chloch Bhreac, Co. Galway