School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)
- Location:
- Cluain Brón, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Ghiobúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain an Bhrúnaigh
- XML Page 334
- XML “Arán na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sa tsean aimsear bhíodh cúpla saghas aráin acu. Déintí arán as cruithneacht, min-choirce, agus beagán plúir. Do mheileadh na daoine an coirce sa mbaile. Mheiltí an coirce idir dhá chloich ar a dtugtaí bróinte. Bhíodh na bróinte cruinn, agus poll i lár gach cloich. Bíodh inneall beag ag obair idir dhá chloich agus lámh air. Chuirtí an coirce isteach idir an dá cloich agus meiltí é. Níl aon bhró ar usáid anois.
Déintí arán as fataí fadó. Ar dtús baintí an croiceann de na fataí agus bhídís measgtha le plúir, salann, sóid agus leamhnacht. Chuirtí síos annsin iad ar fríochtán agus im fútha, agus déintí iad a bhácáil. Ithte te iad nuair a bhéadh siad bácáilte. Déintí fós iad. Déintí aráin as bocstí fadó. Ní dhéantar fos é. Chuirtí cáca le bácáil in oighean nó i mbácús.
Déintí arán freisin ar greidill. Ní bhíodh maide aráin acu fadó, acht uaireannta bíodh spunneóg mór adhmaid acu chun an cáca fuinneadh.
Déintí arán speisíalta ar ócáid pósta, le h-aghaidh Nodlag agus Caisg, agus dhá mbeadh stráinséar ag teacht déintí é. Cuirtí cros ar bhárr an císte, chun é a bhacáil gan móran moille. Déantar fós é.- Collector
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Shúilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- c. 47
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway