School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sin thar an tigh agus a bheith roimpi ar an dtaoibh eile sul a thuitfeadh sí ar an talamh. Rug Séamas ar an gcloich agus ní raibh sé indon an cloch do thógáil ó'n dtalamh acht mar sin féin leig sé fead as. D'fhiafhruigh an fear de Shéamas cé an fáth go raibh sé ag feadaighil agus dubhairt Séamas go raibh deirbhshiúr aige san domhan thoir agus go raibh sé ag iarraidh uirthi gan a bheith sa mbealach nó go mbuailfeadh an chloch í "Más mar sin é fág san áit a bhfuil sí mar beidh sí ag taisteál uaim se" ars an fear
Ní maith leis an bhfear Séamas a bheith indon uile shórt do dhéanamh agus rinne sé cáca agus chuir sé gloinne isteach ann cun Séamais a mharbhadh ach nuair bhí sé ag cur síos an cháca ar an teine a bhí comh mór le cnoc chaith Séamas isteach san teine é agus bhí an áit ag Séamas annsin.- Informant
- Liam Ó Fhloinn
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Dúráithe, Co. Galway