School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Fáirche
- XML Page 381
- XML “Seán Ó Laoidhe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)le daoine. Chuir gach duine aca fáilte roimh Sheán O Laoidhe. Leagadh cathaoir chuige agus shuidh sé síos agus chaith sé píopa tobac. Annsin dubhairt sé go mbeadh sé ag dul abhaile. Dubhairt fear an tighe leis fanacht ar feadh na h-oidhche is go gcuirfeadh sé a bheirt mac abhaile leis an gcairt.
Ar maidin tháinig an chairt ag an doras agus chuaidh an bhean amach agus cé bheadh ann act Seán agus é marbh. Thug sí isteach é agus bhí torramh aca agus cuireadh san roilig é an lá ina dhiaidh.
An oidhche sin nuair a bhí an bhean na codladh tháinig Seán ag an doras agus dubhairt sé leithi é do oscailt. Tháinig faithchíos ar an mnaoi agus ní osclóchadh sé an doras mar shíl sí go raibh sé curtha. Chuaidh sé isteach sa scioból agus chodail sé ann ar feadh na h-oidhche. Bhí dá mhuic ann agus ag eirighe lae cé tháinig ach an tighearna talmhan agus an Báille cun na muc do thabhairt leo agus(continues on next page)- Informant
- Tomás Ó Mainnín
- Gender
- Male
- Age
- 54
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ceapach na gCapall, Co. Galway