School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Fáirche
- XML Page 408
- XML “An Mí-Ádh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Mí-adh.Bhí fear agus bean ann fadó agus bhí go leor paistí aca. Bhíodar ina gcomhnuidhe idteach beag agus bhíodar an-bhocht.
Aon oidhche amháin tháinig an fear isteach ó n a chuid oibre agus ocras air. Ní raibh aon bhiadh ag an mnaoi le thabhairt do'n fhear nó do na paistí nó ní raibh morán éadaigh aice le cur ar a chloinn Chuir an fear sean-chóta air agus bhuail sé leis go dtí an figheadóir le píosa éadaigh fáil uaidh le chur ar a cuid páistí. Bí go leor sneachta ar an talamh agus ní raibh bróga nó stocaí ar an bhfear. D'eirigh sé an tuirseach agus isteach leis i scailp go ceann tamaill go leigfeadh sé a scith innti. Cé bheadh istigh ins an scailp ach mada beag dubh. D'fhéach an mada beag dubh air agus do labhair sé leis. "Mise an Míádh" ara [!] an mada "agus bhí mé ag goid gach rud a bhí(continues on next page)- Informant
- Tomás Ó Máille
- Gender
- Male
- Age
- 44
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cill Bhríde, Co. Mayo