School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Fáirche
- XML Page 443
- XML “Conchúr an Dá Chaora”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tháinig sé ar ais agus isteach leis chuig an Righ. "Tá báisteach ag teacht anuas idtigh mo mháthair agus caithfidh tú sglátaí a fáil domsa le cur air" "Cá bhfuigheadh mise sglátaí duit?" ars an Rí "Is cuma liom" arsa Concubhar ach caithfidh mise iad dfháil.
Chuaidh an Rí chuig an sean-fhear glic arís agus d'innis sé a sgéal dó. "Tá teach ina leithead seo d'áit agus tá fathach ina chomhnaidhe ann agus níl duine ar bith beo indon an ceann is fearr fáil air. Abair leis dul go dtí an teach sin agus na sglátaí bhaint de". Nuair chuaidh an Rí abhaile dubhairt sé le Concubhar dul go dtí a leithead seo de theach agus go bhfuigheadh sé a sháith sglátaí
D'imthigh Concubhar leis go dtáinig sé go dtí an teach. Thosuigh sé ag reabadh anuas na sglátaí. Ba ghearr go dtáinig an fathach mór amach. "Céard tá tú ag déanamh annsin?" ars an fathach leis "Nach cuma leat" arsa Concubhar. Thosuigh an bheirt ag troid Bhí capall ag Concubhar agus bhuail(continues on next page)- Informant
- Bríghid Ní Fhloinn
- Gender
- Female
- Age
- 24
- Occupation
- Iníon feirmeora
- Address
- Dúráithe, Co. Galway