School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Fáirche
- XML Page 466
- XML “Iníon na Baintrí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cé bheadh ag dul an bealach ach mac an riogh. Chuala sé í ag beiceadh Isteach leis sa tigh agus d'iarr sé de'n mnaoi ce'n fáth a bhuail sé í Dubhairt an mháthair nár fhéad sí í a stopadh ó bheith ag obair. Bí iongnadh ar mac an Riogh ar chloisint an sgeil sin dó mar níor chuala sé ceann mar é riamh roimhe sin Bhí truaigh aige do'n inghean agus nuair a thiormuigh sí a súile chonnaic sé na súile móra deasa a bhí aice agus dubhairt sé leis féin go dtiubhradh sé leis í agus go mbeidh sí ina cailín maith le bheith ag obair le na mháthair féin. D'iarr sé ar an mháthair an leigfeadh sí í leis. Bí áthas mór ar an máthair ach ní mar sin bhí an sgéal leis an gcailín mar níor mhaith leithi imtheacht ac sa ndeire thug sí isteach.
Thug mac an ríogh leis í go dtí a mháthair féin agus d'innis sé an sgéal dí. Bí an bhainrioghain sásta leithe agus dubhairt sí go bhfeicfeadh sí ceard a bhí sí indon(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Maolruaidh
- Gender
- Male
- Age
- 26
- Address
- An Cheathrú Chaol, Co. Galway