School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)

Location:
An Fhairche, Co. Galway
Teacher:
Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 491

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 491

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Fáirche
  2. XML Page 491
  3. XML “An Catach agus an Lon Dubh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mise ag fanacht libh ar ar [!] gceibh"
    D'imthigheadar leo annsin go dtainigeadar go cúirt an Riogh a bhí sa domhan thoir. Bhuaileadar trí bhuille ar an gcuaille comhraic agus d'iarr siad beatha agus lóistín dóibh fein. Thug an Rí biadh agus loistín dóibh. Bí palás an Riogh dá ficead stoir ar aoirde agus bhí inghean an Ríogh ag féachaint amach trid an bhfuinneóig ab aoirde a bí ann agus bhí sí ag gáiridhe futha. D'fhéach an Catach suas agus chonnaic sé an bráisléad uirthi. Thug sé leim suas agus sgiob sé an bráisléad leis agus thug sé don gaiscidheach é agus abhaile leo
    Nuair bhíodar ag tarraingt ar a dtír féin labhair an Catach agus ars sé "Troidfidh mise agus fear eile lenachéile agus beidhmíd i gcrot dá lon dubh, beimíd ag troid ar feadh an lae agus marbhóchtar mise um tráthnóna agus nuair a bhéas [?] mé marbh tógfaidh tusa mé agus cuir isteach in mo sheomra féin mé agus innis domo mhnaoi gach rud a thárla dom agus abair leithi go bhfuil mé imo sheomra fein mé agus crot lon dub orm
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Céadach (~8)
    Language
    Irish
    Informant
    Brigidh Ní Fhloinn
    Gender
    Female
    Age
    24
    Address
    Dúráithe, Co. Galway