School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mise ag fanacht libh ar ar [!] gceibh"
D'imthigheadar leo annsin go dtainigeadar go cúirt an Riogh a bhí sa domhan thoir. Bhuaileadar trí bhuille ar an gcuaille comhraic agus d'iarr siad beatha agus lóistín dóibh fein. Thug an Rí biadh agus loistín dóibh. Bí palás an Riogh dá ficead stoir ar aoirde agus bhí inghean an Ríogh ag féachaint amach trid an bhfuinneóig ab aoirde a bí ann agus bhí sí ag gáiridhe futha. D'fhéach an Catach suas agus chonnaic sé an bráisléad uirthi. Thug sé leim suas agus sgiob sé an bráisléad leis agus thug sé don gaiscidheach é agus abhaile leo
Nuair bhíodar ag tarraingt ar a dtír féin labhair an Catach agus ars sé "Troidfidh mise agus fear eile lenachéile agus beidhmíd i gcrot dá lon dubh, beimíd ag troid ar feadh an lae agus marbhóchtar mise um tráthnóna agus nuair a bhéas [?] mé marbh tógfaidh tusa mé agus cuir isteach in mo sheomra féin mé agus innis domo mhnaoi gach rud a thárla dom agus abair leithi go bhfuil mé imo sheomra fein mé agus crot lon dub orm(continues on next page)- Informant
- Brigidh Ní Fhloinn
- Gender
- Female
- Age
- 24
- Address
- Dúráithe, Co. Galway