School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar fad sáruighthe amach agus gan goir aca teact suas leis an bhfiad. Ghlaoidh an Catach orra annsin agus dubhairt sé leo ar fad suidhe síos agus an pháirc a fágáil aige fein agus an fiadh. Rinneadh amhlaidh Lean Catach an fiadh agus ní raibh rása go dtí é. Bíodar ag rith agus ag casadh agus ag rith go cearcallach agus faoi dheire rug an Catach ar an bhfiadh agus bhris sé a chos. Thug sé leis an gaiscidheach é agus thug an gaiscidheach na mílte púnt dó mar luach saothair. Bí sé ina fhear saidhbhir arís go deo agus bhí a clú agus cáil sgaipthe ar fuid an domhain mhóir. Chuaidh sé abhaile cuig a mnaoi annsin agus ní dheaca sé in aon áit thar fhairrge uaidh sin suas.An té is mó a shiubhalanns is mó a fheiceanns An áit nach mbíonn beag ní bhíonn mór agus an áit nach bhfuil an t-adh níl an séan.
- Informant
- Brigidh Ní Fhloinn
- Gender
- Female
- Age
- 24
- Address
- Dúráithe, Co. Galway