School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Fáirche
- XML Page 497
- XML “Poll na gColm”
- XML “Caisleán na Circe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Poll na gColm.Uaimh idir Cunga agus Gort na gClaiseac is eadh Poll na gColm. Bhíodh bric le feiceal sa bpoll uair amháin. Tháinig beirt shaigdiúir lá agus thosuigh siad ag iasgaireact ann. Rug siad ar na bric agus abhaile leo. An maidin bhí siad ar tí na héisg a chur san oidhean ach ní raibh na bric le fáil. Bhí siad ar ais san sean áit céadna arís. Dubhradh leis na saighdiúirí go ndearna na bric an cleas céadna go minic ceana.
- Caisleán na Circe(Tá fothracha an chaisleáin seo ar oileán beag i Loch Coirrib cúpla míle ó Corr-na-Móna)
Bhí fear agus a mháthair ann uair. Aon lá amháin chuaidh an fear go dtí an choill igcoinne cipíní. Bhuail sé a thuagh ar chrann fuinnseoige. D'fhiafruigh an crann do ceard a bhí uaidh(continues on next page)