School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Fáirche
- XML Page 511
- XML “Tomhasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cé an uair a stopfas an t-uisge nuair bíonn sé ag rith anuas an cnoc. - Nuair a sroisfidh sé an bun
Teigheann sé ó bhaile go baile gan corruighe Bothar
Droichead ar loch gan maide gan cloc - leac oighre
Bíonn sé ar sgoil agam agus ní bhíonn aon maith leis acht nuair a bhíonn sé fliuch - Peann
An fear a rinne é níor chaith sé ariamh é Agus an fear a chaith é ní fhaca sé ariamh é - Comhra
Tagann sé isteach ar ghuailnibh daoine agus imthigheann sé amac na snáithe síoda - Deatach
Tá teine faoi agus teine ós a cionn agus ní théigheann an teine in-aice leis - cáca
Chonnaic mé sé cosa fichead faoi aon cholainn amháin - cearc agus 12 sicín fuithi
Ceard a rachfas go Gaillimh ar mhullac a chinn - Tairgne bróige
Ceard a chuir dath bán ar tighthe na h-Éireann - Meiriceá
Cé n taobh den chupán a bhfuil an lámh air? An taobh amuigh
Tá mo capaillín sa stábla agus é ar rith rása agus níl aon chos ag corruighi leis? Túirne lín