School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
![The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 436](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0076%2FCBES_0076_436.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 436
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Tá Tobar Mhic Dara ar oileán i n-aice le Cárna ar a dtugtar Oileán Mhic Dara. Timpeall leath-chéad blian ó shoin ar an 16adh d'Iúil bhíodh patrún mór ar an oileán agus lá amháin báitheadh bád a bhí ag dul isteach ar an oileán agus ní théigeann mórán daoine ar an oileán ó shoin.Tá Tobar Bhreacháin agus Tobar Chiaráin i Rosmuc agus téigheann go leor daoine go dtí iad ar an 9adh lá de Mheadhon Fóghmhar. Leigheadh bean ag Tobar Bhreacháin. Bhí sí tinn agus theigheadh sí chuig an tobar gach lá agus lá amháin a chuaidh sí ann chonnaic sí naomh i n-aice leis an tobar agus an lá sin leigheasadh í. Máire Ní Catháin a b'ainm dí. Tá tobar i Mám-Éan agus téigheann na daoine ann gach blian le turas a thabhairt. Sé an áit a bhfuil an tobar ná ag bun carraige in ar chodal Naomh Pádraig. Tá an t-uisge ag teacht amach as an gcarraig agus tá leigheas ins an uisge.Tá tobar beannuighthe i nUachtarárd agus uair amháin stop na pagánaigh na daoine a bhí ag tabhairt turais ann agus tar éis tamaill tháinig tobar i n-áit eile agus dúnadh an tobar eile.Tá tobar i nDurras i n-aice le Cornamóna agus tugann siad Tobar na Súl air.
- Informant
- Máire Ní Liodáin
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Address
- Gleann Loiscthe, Co. Galway