School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 543
- XML “Seaniarsmaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí go leor croiseanna san áít seo fadó ach tá go leor díobh briste agus leagtha anois. Tá go leor sean-chroiseanna in gach reilg anois agus tá siad déanta de chloch aoil. Bhí cearcal cloch i nGleann na gCapall i n-aice le Duachta i gCorr na Móna a raibh sgríbhinn ar chuid acu a curieadh suas i gcuimhne sagart a marbhuigheadh ann i n-aimsire an Droich-Shaoghail.Tá áit sa gcnoch agus sé an t-ainm atá air Bun an tSrutháin. Tá trí clocha móra ann ós cionn triúr saighdiúirí atá curtha ann. Bhí bean i n-a chomhnuidhe i nDuactha i n-aice le Corr na Móna fadó agus ní raibh aici acht aon bhó amháín. I n-aimsir an Ghorta do b'eadh é agus bhí an triúr saighdiúirí ag dul thart san áit. Lá amháin thóg siad an bhó ó'n mnaoi agus choinnigheadar í. Nuair tháínig mac na mná abhaile chonnaic sé go raibh a mhathair ag caoineadh agus d'iarr sé uirthi céard a bhí uirthi. D'innis sí dó céard a thárla. Lean an mac na saighdiúirí agus bhain se an bhó díobh. Mharbhuigh sé an triúr saighdiúirí agus chuir sé annsin iad agus chuir sé tri leac(continues on next page)
- Informant
- Máire Bean Uí hEnrí
- Gender
- Female
- Age
- 39
- Address
- Droim Snámha, Co. Galway