School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 523
- XML “<span class="exact">Cúram</span> <span class="exact">na</span> <span class="exact">gCos</span>”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhíodh na daoine i n-aois a bpósta fadó nuair a chaithidís bróga. Is minic a phós bean agus gan aon bhróg ar bith uirthi acht stocaí. Troighíní a tugtaoi ar na stocai sin. Bhí go leor daoine eile ann agus sé an lá a mbíodh siad ag pósadh a gheibhidís an chéad phéire bróg ariamh agus d'iompuigheadh go dtí teach an phobail iad. Níor chaith na mná bróg ar bith sa samhradh. Bhí go leor daoine ann fadó nár chaith bróg ar bith ariamh.Cuireann páistí an lae indiú bróga ortha nuair a bhíonn siad an-óg ach ní chaitheann siad bróg ar bith sa samhradh.Nuair a bhíonn na bróga roinnt caithte cuirtear peire tosuighthe ortha. Cuireann cuid de na daoine ortha iad féin, ach tugann daoine eile chuig an gréasaidhe iad. Déantar bróga i gCornamóna anois. Seán Ó Cadhain an t-ainm atá ar an gréasaidhe. Deisigheann sé bróga freisin. Gréasaidhthe dobh eadh a mhuintir roimhe.Caithtí go leor bróga bonn-adhmaid san áit seo fado. "Clogs" a thugaidís ortha. Ní chaithtear annseo anois iad chor ar bith. Níl aon phisreog ag na daoine san áit seo i dtaobh uisge i n-a nightear na casai.Máire Ní Chonaire
Druimsnámh- Informant
- Máire Ní Chonaire
- Gender
- Female
- Age
- 39
- Address
- Droim Snámha, Co. Galway