School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 548
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gach oidhche ar oileán bheag agus duine ar bith a d'fheicfeadh é go bhfuigheadh sé bás roimh maidin, acht dubhairt Naomh Páraig gan faitchíos a bheith air agus chuaidh sé amach agus chonnaic sé an solus agus rinne sé comhartha na croise trí h-uaire ar a éadan agus annsin chuaidh an solus as agus níor facthas i n-a dhiaidh sin é.
Tháinig págánach chuig Naomh Pádruig uair amháin agus dubhairt sé leis go riabh buachaill aige agus go riabh se i n-a chodladh ag bun carraige agus dá nduiseóchadh sé é go n-athróchadh sé chun a Chaitiliceach. Dubhairt Naomh Pádraig go ndéanfadh sé a dhícheall chun é a dhuiseacht agus chuaidh sé go dtí an áit a raibh an buachaill acht bhí an págánach tar éis a rádh leis an mbuachaill gan labhairt dá ndéanfadh Naomh Pádraig d'a lath de. Sicín a bhí mar ainm ar an mbuachaill agus do ghlaodh Naomh Pádraig air acht níor corruigh an búachaill. Do ghlaodh sé arís acht níor chorruigh an búachaill. Annsin dubhairt Naomh Pádraig leis, "Codladh an tsicín sa gcarraig ort muna bhfuil tú i do chodladh," agus do léim an charraig ós a c hionn agus do mharbhuigh sé an buachaill.
Uair eile chuir pagánach fios ar Naomh Pádraig a theacht chun dinnéir agus séard a bhí aige le h-aghaidh an dinnéír ná(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Liodáin
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway