School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
![The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 549](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0076%2FCBES_0076_549.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 549
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 549
- XML “Scéalta Crábhaidh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cú agus nimh ann le Naomh Pádraig a mharbhú. Nuair a chuaidh Naomh Pádraig ag ithe thug sé faoi deara nach raibh an Págánach ag ithe agus dubhairt sé leis a bheith ag ithe, acht thug an pagánach leith-sgéal éigin dhó. Tar éis tamaill dubhairt sé leis arís a bheith ag ithe ach ní íosfadh an págánach aon rud. Annsin dubhairt Naomh Páraig leis 'muna n-iosaidh tusa an biadh go n-íosaidh an biadh thú." Annsin d'éirigh an cú a bhí ar an bpláta agus d'osgail sé a bhéal chun Naomh Páraig d'ithe acht chuimil Naomh Pádraig a lámh air agus annsin d'éírigh sé agus stróíc sé an Págánach agus d'ith sé é. Bhíodh an fionnadh in-a sheasamh suas díreach ar gach cú fadó deirtear go dtí an t-am sin a chuimil Naomh Pádraig a lámh ar an gcú sin.Nuair a tháínig Naomh Pádraig go dtí Mám Éan deirtear go raibh sé chomh tuirseach nach raibh sé i ndon níos mó de'n tír a shiubhal agus d'iarr sé ar Dhia a dhá oiread toradh agus tairbhe a bheith ar an áit nár shiubhal sé agus an áit a shiubhal sé agus tá na h-áiteanna sin níos fearr na na h-áiteann ar shiubhal sé.
- Informant
- null
- Gender
- Male