School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
![The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 554](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0076%2FCBES_0076_554.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 554
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 554
- XML “An Tiarna Talún”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)amach ar leath-taobh an bhóthair.Dá bhfeicidh sé feabhas ar bit déanta ar an bhfeilm ag aon duine d'árdóchadh se an cíos air agus dá bhfeidid sé beithidheach maith ag aon duine d'ádóchadh sé an cíos air freisin.Bhí fear bocht i nGleann Loisg dár b'ainm Seán Ó Feartaigh agus bhí droch-thalamh aige. Rinne sé cúpla páírc mhaith as agus nuair a tháínig an Tighearna Liathtrome dubhairt sé leis an bhfear go raibh pairceanna maithe aige. Dubhairt an fear, "Bíodh mé buidheach dom feín faoi sin. Is mise a fuair an trioblóid uatha." Annsin d'imthigh an Tighearna, agus cúpla lá i n-a dhiaidh sin tháínig na Báillí agus dhíbir siad é. Ní raibh fios aige annsin cá rachadh sé acht sa deireadh fuair sé áít i mBealach an Measga.Uair amhmáin bhí Liam Liathtrom ag dul thart agus tháínig sé go dtí teach Mhichíl Breathnach a bhi i Mam Gamhna agus d'iarr sé air lóistín le h-aghaidh na h-oidhche a thabhairt dhó. Thug an Breathnach loisín dó agus le teann omóis dhó chuir sé olann faoi san leaba chun go ndéanfadh sé bog dhó é. Ar mhaidin nuair a d'éírigh an Tighearna Talmhan, d'fhéach sé ar an leaba agus nuair a chonnaic sé an olann dubhairt sé(continues on next page)
- Informant
- Micheál Ó Liodáin
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway