Scoil: Sean-Chill

Suíomh:
Shankill West, Co. Galway
Múinteoir:
Riobárd Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0080, Leathanach 057

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0080, Leathanach 057

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sean-Chill
  2. XML Leathanach 057
  3. XML “Cathal Crobhdhearg”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ba mhaith an mhaise do bhuail sé an bothar go Roscomáín agus chomhnaidhe ní dhearna sé gur shroich sé Caisleán an Briogh.
    Chuala an bhainrioghan faoí na rudaí galánta a bhí le díol aige bhlaoidh sí isteach air ag a seomra féín. Fearacht na m-ban atá ann an lá indiú, bhí sí beagán fiosrach, agus d'fhiafruigh sí dhé cén céard a d-tainig sé as no raibh nuaidheacht ar bith aige ón taobh sin tíre.
    "As Umall Uí Mháille mé" ar seisean "agus tá nuaidheacht agam a m-beadh leisg orm labhairt faoi i g-Caisleán an Riogh."
    Dubhairt sí leis é innseacht agus nach bh-fuigheadh sí aon mhilleán faoi.
    "Rugadh mac óg don Righ in a leitheid d'áit ar a leitheid de lá" ar seisean.
    "Bh-fuil tú cinnte?" ar sise.
    "Tá mh'anam cinnte dearbhtha" ar seisean
    "Más mar sin atá an sgéal" ar sise, agus í le báinidh níl aon mhaith san orthaidh agam feasta." Anonn leithí de léim ag cófra. D'fhosgail sí é, thóígh sí róipín caol barraigh a raibh trí sníóm air amach as agus chaith sí isteach sa teine é.
    Sin a raibh uaidh an peideléaraidhe.
    Chomh luath in Éirinn 's doghadh an ortha rugadh an leanbh ach slán an t-samhail! bhí a lámh dheas - an lámh a bhí amuigh chomh fhada sin - bhí sé chomh dearg le caorthain agus d'fhan sí mar sin go deireadh a shaoghail. Sin é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    R. O' Connell
    Seoladh
    Kilkerrin, Co. Galway