School: Caisleán Gearr
- Location:
- An Caisleán Gearr, Co. Galway
- Teacher: Liam Ó Maolmhuidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caisleán Gearr
- XML Page 030
- XML “Na Fataí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na Fataí.
Cuireann muid dhá acra go leith d'fhataí ar an bhfeilm sa mbaile gach bliain. Saothruigheann mo athair agus mo beirt deartháir, Stiofán agus Hannraoi, an talamh. Treabhann siad an talamh i ndeire Mí na Nodlag agus fuirsightear é dhá mhí ina dhiadh sin. Treabhtar arís é i ndeire mí Márta. Fuirsightear ansin é cúpla lá in dhiadh sin. Deantar na drilleanna i dtosach an Aibreán le céachta. Scarann muid aoileach ar an cuid is mo de na drilleanna agus feamuin ar an cuid eile díobh. Bíonn orainn caogadh cárr aoileach a chur ar dhá acra fataí agus deich gcáirr feamuin a chur ar leath acra díobh mar ní bhíonn ar sáith aoileach againn.
Tugann mo athair na fataí ó na puill síos go dtí an bothár. Gearrann mo máthair iad le(continues on next page)- Collector
- Nóra Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Caisleán Gearr, Co. Galway
- Informant
- Micheál O Fathaigh
- Gender
- Male
- Address
- Baile Dhúlocha, Co. Galway