School: Drumloughan (Dromlachan) (roll number 15665)
- Location:
- Sunnagh More, Co. Leitrim
- Teacher: Peadar Mac Giolla Choinnigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Dós na daoini a thiocfas annso ag bailiú bealoidis, cumadh an dán seo.
(I)Ó fior-chaom fáilte is fiche rómhaibh a uaislí as gach áird,Is onóir dúinn bhúr gcuairt annso go Cluain Con Maicne sámh,Sé rún ár gcroidhe go dtaithneóch libh ár nduthaigh ársa mán'S (?) go mba fhada fíor i gcuimhne díbh an tráth chaith sibh n'ár lár
(II)
Is ársa 'gus is beannuighthe an talamh so go fóill,Dob' (?) árd a réim i dtráth na bhFian ar fhialmhaireacht 's ar chóir;Is (?) thug a díon do Ghráinne Chaoi nuair rinne sí ealódh,(?) a leabaidh chloc le feichéal fós mar chomhartha san go deo
(III)
Ar thulcaibh beag' an Chluana do shiubhail Naomh Padraig caoin,'Gus (?) bheannuigh gleann is teamhnach bocht, gach tóchar droch is mín;(?) gheall a choimirce do chách a chlaoidhfeadh leis go deóGo (?) neartuigh sé ár lámha fós san obair mhóir tá rómhainn.
(IV)
Ar pháirc áir Bhealaigh Cnocan Réid do buadhadh ar na gaill,Fé (?) láimh Uí Néill is Mhic na Midhe sár laochra buan gan feall;(?) leathaigh cáil na dtaoiseach siúd thar chríoca thiar an Chluan','Gus (?) óltar dóibh a saoghal go fóill ó na Guib go h-Ath an Dúin
(V)
In am na bpéin ba mhó an phíán a d'fhulaing óg is críonIs (?) doirteadh fuill ar Shunach-Mór ag freastáil Aifrinn mhín;Ach sheas an mhuinntir bhocht an fód mar seasfaidh siad go deó'S (?) níor thréig a gcreideamh ná a dtír in eadán gach anró.(continues on next page)- Collector
- Peadar Mac Giolla Choinnigh
- Gender
- Male