School: Derrinkeher (roll number 16244)
- Location:
- Derrinkeher (Brady), Co. Leitrim
- Teacher: Pilib Mac Taidhg
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Derrinkeher
- XML Page 096
- XML “Tobar na Faoileoige”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ar an Dumhchaigh í bparóiste Teampuill Chróin atá Tobar na Faoileoige. I bhfad ó shoin nuair a bhí Conall Caol ina bhuachaill óg dó bhí sé ina dhuine comh tógtha agus cómh conntrailte agus tiocfhadh leis a bheith. Uair amháin chuir sé ina cheann fhéin teach a sgrios í bparóiste Inis Caoil an rud a rinne.Nuair a bhí sé deanta aige chualaidh sé guth ag sgairtigh leis acht ní fhaca sé duine ar bith. Labhair an guth leis arís agus dubhairt:-"A Chonaill! tá an-bhás í ndán duit gan mhoill muna ndean tú aithreachas ar son dó chuid ramagaireact".Sgannruigh Conall. "Caide dheanfhas mé" arsa seisean"Caith uait gach rud a fuair tú go mí-ionnrareach," arsa an guth. "Cuir an mála ar dó druim, agus imthigh leat ag iarraidh deirce". Comh maith le sin bí í gcomnaidhe ag denamh aithreachais le Dia ar son dó chuid peacaidh."D'imthigh Conall. Chaith sé seacht mbliadhna ar shiubhal ag urnaigh, ag iarraidh deirce, agus ag rann leis na bochtaibh. Deirtear gó raibh péist mhór ina thóir ar feadh an ama seo agus dá bhfanfadh sé níos mó nó aon oidhche amháin í n-áit ar bith gó muirbhfeadh an phéist é.Fa dheireadh thainic sé gó dtí an Dumhchaigh lá amháin agus mar bhí sé tuirseach thuit sé ina chodhladh ar (?) thaoibh ardain. Nuair a musgail sé chonnaic sé uibh fáoileoige í gcroidh a bhoise agus í mar(continues on next page)
- Collector
- Seosamh Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Informant
- Aodh Ó Duibheannaigh
- Gender
- Male