School: Derrinkeher (roll number 16244)
- Location:
- Derrinkeher (Brady), Co. Leitrim
- Teacher: Pilib Mac Taidhg
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Derrinkeher
- XML Page 101
- XML “Seaghan na Luatha Deirge”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Achth caide mar aithneochas mise d'athair imeasg na codach eile."
"Tá dá fiacal fada aige agus tá bearad dearg air" ars an fáthach.
Dimthigh Seaghan agus nuair a sroich sé shíos bhris sé na geaftaí le buille de'n t-Sirriam. Isteach leis. Acht bhí dhá fiacal fhada ag gach duine annsin agus bearad dearg air.
"Dar Fiadh" arsa Seaghan, "Ní bhéidh mise ag piocad orra seo" achth cead ag an fháthach é fhéin a dheanamh."Chruinnigh Seaghan suas an t-iomlan aca agus an Diabhal é fhéin comh maith le ceann agus thiomain an t-iomlan aca leis an t-Sirriam gó raibh sé ag teach an fháthaigh. Sgairt sé leis an fáthach annsin.
"Gabh annseo agus pioc fhéin d'athair giobach as an sgaifte seo."
"Ó Coisreacadh Dé orainn agus fág arais iad" arsa an fáthach.
"Ní fhágfhaid" arsa Seághan, "thug mise annseo iad agus fág thusa ar ais anois iad."
"Bheirfhidh mé mála óir duit, achth fág arais iad" arsa an fáthach."
"D'fág Seaghan ar ais iad agu fuair sé a chuid óir agus bhain an baile amach.
Seosamh Ó Dochartaigh O.S.(Fuair mé an sgéal seo ó mó mhathair tá fada ariamh ó shoin)- Collector
- Seosamh Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Informant
- Bean Uí Dhochartaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Female