School: Scoil N. Gobnait (roll number 16281)
- Location:
- Dún Chaoin, Co. Kerry
- Teacher: Muiris Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Namhadas idir PharóistíBád na nGort nDubh (1818)
Fachta ó:- Labhras Ó Ciabháin (80 bliadhan)
Baile na Rátha
Dun Chaoin
Daingean Uí ChúiseTá namhadas le fada riamh idir Dhun Chaoin agus muinntir Pharóiste an Fhirtéaraig agus ní gan chúis é dréir deallraimh. Seo mar thosnuig sé an cheud lá riamh.
Tháinig athrach reiceálta gan chriú isteach go Cuan a'Chaoil in aice le talamh na bhFirtéarach i bParóiste an Fhirtéaraig sa mbliadhain 1818.
Chonnaic bád ó Dhún Chaoin í ag teacht ón bhfarraige aniar agus d'aithnigheadar go raibh sí ar léig. Bhí Seán Ó Ciabháin (Croppy) ó Bhaile na Rátha agus Tadhg Ó Séaghdha ó'n Muillean sa bhád pé beirt eile a bhí innte. Leanadar í .i. an raic gur bhuail sí talamh thuaidh ag Cuan a' Chaoil. Chuadar ar bórd. Bhí sí lán de rudaí luachmhara des gach aon t-saghas. Thosnuigheadar ag toghadh is priocadh agus ag líonadh a mbáid. Ní fada mar sin dóibh nuair a tháinig bád ón nGort Dubh ortha.
Nuair a chonnaiceadar san muinntir Dhún Chaoin(continues on next page)- Informant
- Labhras Ó Ciabháin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Baile na Rátha Thuaidh, Co. Kerry