School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Árthach eile a báthadhTimpeall leath chéad bliadhan ó shoin do báthadh an t-árthach seo tráthnóna fuar fliuch ceóid do b'ead é agus bhí ana stoirm ann an lá so. Do chuaidh fear ón oileán siar ar speir chuas na Ró [?] ag feachaint ach an b'feicfeadh sé aon raic ag gabháil aniar taréis an gaoth aniar dtuaidh a bheith ann le seachtain. Do bhí a culaith óil air ón síon. Do chonnaic sé soir an Tiarracht agus Inis-Tuaisceart árthach dhá chrann ag déanamh air aniar. Do bhí an crann tosaigh briste agus an crann deiridh na sheasamh. D'fhan sé ag faire uirthi riamh is choicdhe go dtí go raibh sí i ngiorrair míle go leith do. Annsan d'aithnig sé go riabh daoine inntí. Do ghaibh sí aniar ceann Charraig Fhada aniar. Bhí iongantas ar na daoine toisc nár bhuail sí in aice le ceann Charraig Fhada mar bíonn an t-uisce íseal ann.(continues on next page)
- Collector
- Pádraig Ó Ceárna
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Tom Ó Ceárna
- Gender
- Male
- Age
- 58