School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)comhlaí do's na dóirse agus ní raibh aon rud lé deanamh ar an dtighearna ná ag na pílars mar bhí na daoine féin imthighthe as na tighthe agus níor bh'féidir leó iad do chuir as seilbh. Taréis tamaill eile do tháinig sgeal chúcha go rabhadar ag teacht aríst. Do bhí fear na chómhnuidhe ar na Gortadúbha go raibh ana mhisneach aige. Do bé an ainm a bhí air ná Captain Martin.
Do chuir sé sgeala go dtís na daoine, an áirighthe sin fear do theacht ó gach parróiste agus píce dhá bheann do thabhairt leó mar ghléas airm. An tráthnóna roimh teacht an tSiriam agus captaen na pílars .i. Bobin Grey do tháinig na daoine lé chéile agus thugadar leó ranna, piocoidí sluaiste, agus do ghearradar trinnsí ar gach taobh do's na bóithre(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Guithín
- Gender
- Female
- Informant
- Gobnait Ní Ghuithín
- Gender
- Female