School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 181
- XML “Murúcha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag eirighe amach ó thaobh an chladaigh agus do shuidh sí ar chloch agus do thosnuigh sí ag cíoradh a cheann.
Do ghluais an buachaill leis agus do chuaidh síos ar thaobh an chladaigh chun ná (bheadh) cídhfeadh sí é. Bhí sé ag feachaint i gcómhnuidhe uirthi. Do chonnaic sé raca 7 rud éigint a bhí amar thar a com aici in aice léi. Do chuaidh sé síos agus do thug sé leis iad agus do tháinig sé aníos ón gcladach. I gcionn tamaill d'eirigh sí agus d'feach sí timcheall uirthi féin agus ní fheacaidh sí faic taobh léi. Do bhí sí ag feachaint soir agus siar agus scian na radharc agus b'ait léi í féin. Do ghluais sí léi aníos nó go dtáinig sí aníos go dí an áit go raibh an buachaill. Do chonnaic sí an raca agus a chrios aige agus bhí sí dá lorg (uirthi) air ach ní thabharfadh sé di.(continues on next page)