School: Smerwick (B.)
- Location:
- An Mhuiríoch, Co. Kerry
- Teacher: Dd. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Smerwick (B.)
- XML Page 138
- XML “Rí a Bhí in Éirinn Fadó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí Rí i nÉirinn fadó agus bhí triúir mach aige agus aon inghean amháin. Do cailleadh a bhean agus do phos sé an dara bean agus bhí gráin ag an leas-mháthair air an gclann mhac agus dhein sí gach dícheall chun iad do mharbhú. Sé an rud a dhein an Rí ná iad a chur i mbotháinín leó féin.
Annsan do chuaid an leas-mháthair go dtí Seandraoí agus dfiarfhaid sí dho an raibh aon rud aige a chuiread deiread leo. Thug sé ubhall di agus dúbairt sé léi dá bfaghad gach éinne aco smut do go marbóchadh san iad.
Do théigead inghean an Rí sí sin an drifúr léi bíadh go dtí an dtriúr mach agus aon lá amháin thug an leas-mhathair an túbhall di agus rug sí go dtí an dtriúr mach é. Nuair a tháinig sí go dtí an mbothán thugh sí an tubhall do mach críodhna agus bhí Spáinéirín gadhair aige sin agus do chaith sé sinut don ubhal chuige agus chómh luath(continues on next page)- Collector
- Domhnall O Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 15
- Address
- An Baile Loiscthe, Co. Kerry