School: Na Gleannta
- Location:
- Na Gleannta Theas, Co. Kerry
- Teacher: Ss. Ó Conchabhair
![The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 328](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0421%2FCBES_0421_328.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 328
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cúpla lá na dhiaidh sin bhuail an beirt le chéile. Do thosnuigh an Iúdaidheach a cainnt le Paddy. "Cloisim," ar seisean "go dtugann tú Oilean na Naomh ar Éire"
"Tugaim gan amhras," arsa Paddy.
Cuireadh geall leat go raibh níos mó naomh am tír-se ná raibh riamh in Éirinn."
"Há há" arsa Paddy "níl aon ciall agat i n aoncor agus é sin do rádh. Cuirfeadh síos aon geall is maith leat.
"Tá go maith," arsan Iúdaidheach. "Gach naomh ainmeochad-sa baineadh ruibe as do cuid feasóige. Gach naomh ainmeóchaidh tusa is féidir leat ruibe do tharrach as mo cuid feasóige".
"Táim sasta" arsa Paddy. "Tosnuigh a bhuachaill."
" An Maighdean Mhuire" arsa an Iúdaidheach agus do tharraing sé ruibe as feasóig Paddy.
"Naomh Pádraig" arsa Paddy agus do tharraing sé ruibe.
"Naomh Iósep" arsan Iúdaidheac agus do tharraing sé ruibe eile.
"Naomh Bríghid" arsa Paddy agus do tharraing sé ceann.
"An dá Aspol deug " arsan Iúdaidheach agus do tharraing sé dhá ribe déug as feasóig(continues on next page)- Collector
- Flaithrí Mac Cárthaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Garrán, Co. Kerry
- Informant
- Séan Mac Cárthaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- An Garrán, Co. Kerry