School: Na Gleannta
- Location:
- Na Gleannta Theas, Co. Kerry
- Teacher: Ss. Ó Conchabhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Gleannta
- XML Page 344
- XML “Lá Maraithe na bhFear”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)344
béigin do gach fear leabhar a thabhairt go ragadh sé síos go dtí an Daingean lá ar na mháireach chun saighdúirí Shasana do throid.
Chuadar síos ach ní raibh acu ach spealaibh agus picí. Bhí airm níos fearr ag na saighdúirí. Thanagadar le chéile ag Bóthar na Leac inaice Daingean Uí Chúise. Is annsan bhí an chath acu. Sul a raibh an cath críocnuithe do theith Gloster ach do marbhuibheadh ceathrar déag dá chuid fear.
Thánagadar go dtí Baile an Mhuilin lámh leis an Daingean. Do theith na daoine go léir uatha nuair connacadar ag teacht iad. Chonnaic na saighdúirí iad agus d'iarradar cead ar an gcaptaon iad a mharbhú, ach dubhairt sé leó leigint dóibh.
" Daoine bochta iseadh iad go léir", ar seisean.
Lá eile leis thánagadar go tigh Tomás Éamon Mac Gearailt sa Gleann agus thosnuigh an gadhar ag sceamhghail ortha agus do lámhach duine acu é. Bhí a thuille acu thíos ar an mbóthar agus nuair a chualadar an glór chuadar in n-airde ar an gcloidhe mar cheapadar gur Gloster(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Síthigh
- Gender
- Female
- Address
- Na Gleannta Theas, Co. Kerry
- Informant
- Eoghan Mac Síthigh
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Na Gleannta Theas, Co. Kerry