School: Na Gleannta
- Location:
- Na Gleannta Theas, Co. Kerry
- Teacher: Ss. Ó Conchabhair
![The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 425](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0421%2FCBES_0421_425.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0421, Page 425
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)425tiocfhaidís suas leis go gcuiridís chun báis é agus í féin chómh maith.
Do chuimhnigh sé ar seift, a mháthair a chuir ar a dhrom. Dhein sé san agus chuir sé do trí portaig agus trí coillte. Níor dhein sé stad ná staonadh go dtáinig sé abhaile. Stad sé cun a mháthair a leigint dá dhrom. Nuair a dhfhéach sé siar ní raibhann ach dá ghéig. Bhí sí stracaithe as a chéile ag na sceacha agus ag na crannaibh. Nuair a chonnaich sé cad a bhí déannta aige suidh sé síos agus thosnaigh sé ag gol go fuidheach.
D'fágh sé an áit sin agus chuaidh sé na mílte ó bhaile. Bhí sé ag imtheacht roimis. Thóg sé bothán do féin. Lá amháin bhuail fear isteach chuige. An Gruaghach Leath Caoch Ruadh a tughtaí air. Ní raibh ach aon súil amháin aige i lár a néadan. Bhí bradán ar a dhrom aige. An Bradán Feárna a tugtaí air. Bhí an Gruagach seacht mbliadhna agus seacht lá adiarraidh breith ar an mbradán. Bhí an buadh aige i ndeire na scríbe. D'órduigh sé do Fionn é bheiriú ach gan leigint daon chlog éirighe air nú má dhéanfadh(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghearailt
- Gender
- Female
- Address
- Baile Uí Shé, Co. Kerry