School: Na Gleannta
- Location:
- Na Gleannta Theas, Co. Kerry
- Teacher: Ss. Ó Conchabhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)429amach ó bheith ag rith.
Chaithfheadh Fionn a órdóg a chogaint cun fhios dfághail. Ní dhéanfhadh sé é sin go dtí go mbéarfadh cás chruaidh air. Suidh sé síos agus thosnuigh sé ar a órdóg a chogaint. Fuair sé fios go marbhóchadh an Gruadach é mar a ghearrfadh sé an méar do féin.
Chuaidh sé go dtí barra na faille annsan. Chuir sé a mhéar anuas ar cloch agus fuair sé cloch eile. Ghearraigh sé an mhéar do féin. Rug sé ar an mhéar annsan agus caith sé síos go bun na faille é. Tháinig an Gruadach suas leis agus dúbhairt sé, "Cá bfuilir a Fháine"
"Táim annso ar mhéar Fionn Mac Cumhail ó Éirinn", arsan Fáinne.
Siúd leis an Gruaghac dtí an áit mar chcaladh sé an Fáine ag caint. Chuaidh sé síos leis an bfaill. Tógadh leis agus thuit sé síos go bun na faille. Marbhuigheadh é. Tháinigh Fionn abhaile go sásta leis féin. Sin mar fuair Fionn Mac Cumhail fios.Máire Ní Gearailt, Baile Uí Sheaghda(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghearailt
- Gender
- Female
- Address
- Baile Uí Shé, Co. Kerry