Scoil: Na Gleannta
- Suíomh:
- Na Gleannta Theas, Co. Kerry
- Múinteoir: Ss. Ó Conchabhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Gleannta
- XML Leathanach 444
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)444ainm an duine a dhein an béic caitheadh an duine sin bhrith istig sa chéad turas eile.
Sé an slíghe a imrímíd 'An Sprid' ná bheadh duine na máthair agus cuireadh sí na leanbhaí amach ag triall ar an t-éadach. Fannan duine amuich agus tagann an cuid eile isteach agus deireann siad, "Tá sprid amuich". Deireann an máthair annsan, "Níl aon sprid amuigh, nách é sin an t-éadach a chuireas amach ar maidin".
Raghadh sí féin amach i néinfheach leó annsan agus nuair bhéaradh an máthair ar an t-éadach cad a bheadh ann ach sprid. Ritheadh an sprid na dhiaidh go bhéaradh sé ortha go léir. Sa samhradh is mó a imrímíd na cluichí san. Bímíd a priochadh sméara i Mí Luaghnasa agus Meán-Fóghmhar. Ní bhímíd amuich puinn sa gheimhreadh.Máire Ní Gearailt, Baile Uí Séaghdha.- Bailitheoir
- Máire Ní Ghearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Shé, Co. Kerry