Scoil: Na Gleannta
- Suíomh:
- Na Gleannta Theas, Co. Kerry
- Múinteoir: Ss. Ó Conchabhair
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 446](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0421%2FCBES_0421_446.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0421, Leathanach 446
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)446 Thughadh daoine turas ann fadó ach níor thug aoinne an turas ann le fad an lá. Is dóca go bhfuil deith mbliana fichid ann ó thug aoinne an turas ann.
I gcóir tinneas cinn a thugtaí an turas. Bhíodh brect beag bán ann agus spotaí dearga air. Bhi eascú ann agus bhí sé sin bán leis. Bhíodar timpeall sé orlaighe ar fhaid. Ní théighidís riamh amach as an dtobar. Nuair a bhéach an duine ag tábhairt an turas dá mbheadh sé mar seans air an breac agus an eascú d'fheiscint bheadh sé leiste. Tá an breac agus an eascú imtíghthe as anois agus níl fhios ag aoinne cár imthígheadar. Thagadh daoine ó gach áit ag tabhairt an turas.
Níor triomuigh an tobar san riamh ná níor thug aoinne aon iarracht ar é(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Síthigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Shé, Co. Kerry