School: Ceann Trágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
![The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 034](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0423%2FCBES_0423_034.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0423, Page 034
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceann Trágha (Ventry)
- XML Page 034
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí garsún ann fadó agus bhí sé go bocht.”
(continued from previous page)ar sí,"táim ag tabhairt cuireadh chun dínnéar duit. Racad-sa ag iththe inaonfeacht leat. Nuair a bhí an dinnéar ithte aca thugadar an tráthnóna ag cainnt agus bhí an tráthnóna ag dul in déanaighe. D'éirigh sé chun imtheacht ach dúbhairt sí leis fanamhaint i gcóir na h-oidhche mar go raibh sé a deich agus dúbhairt sé go raibh sé i nam codalta agus do teasbain sí an leaba agus an seomra do. Bhain sé dho a chuid éadaigh agus cuaidh sé a chodla. Bhí sé annsan timcheall leath uaire achloig nuair a tháinig an Rev. Mother isteach chuige. "An bhfuil tú id chodladh" ar sise. "Nílim", ar seisean. "Druid isteach uaim", ar sí. "Ní druidfead" ar sé. "Téighir a chodladh id leabaidh féinig". "Caithfir druideamhaint isteach uaim", ar sí. "Ní druidfead", ar sé. "Téighir a chodladh id leabaidh féinig". D'imthigh sí léi an dorus amach agus ní raibh sí i bhfad imthighthe nuair a tháinig sí aríst. Bhí sí ag iarraidh dul isteach ach b'éigin di imtheacht arís agus níor tháinig sí a thuille. Nuair a d'éirigh an buachaill ar maidin bhí a chulaith breágh imighthe(continues on next page)- Informant
- Siobhán Ní Mhurchadha
- Gender
- Female
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Chathair Aird, Co. Kerry