School: Clochar na Toirbhirte, An Daingean (roll number 538)
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An tSr. Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)oídhche ag goid, is ag creschadh, is ag milleadh gach áit ar fud na tíre agus théighidís go mór mhór go dtí an cailín bocht seo. Oidhce amháin bhíodar ag teacht agus bhí an cailín ag ealódh uatha, do chuala sí iad ‘á rádh, dá mbéarfaidís uirthi go marbheocaidís í gan puinn moille. Do bhí sí nach mór imthighthe as a meabhair le neart sgannraidh. Do bhí fhios acu go raibh sí i mbaoghal agus nuair a fuair sí an t-seans d’imthigh sí ag rith san doracacht.
D’imthigh sí cómh fada le tigh an t-sagairt, agus isteach léi agus nuair a bhuail an sagart léi do ghearánn sí na gadaí. Dúbhairt sé léi gan aon ní a leigint uirthi go ceann tamaill agus dhá lá in a dhiadh sin go n-éirigeadh rud éigin bun ós cionn léi. D’fhan sí le foidhne agus bhí sí ag feitheamh. Do chuala sí mar gheall ar na batheamhnaigh. Do bhíodar ag seilg cois fairrge an lá(continues on next page)- Informant
- Dómhnall Ó Muircheartaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Caheracruttera, Co. Kerry